Canúintí Mhaigh Eo: Taifid, Leabhra agus Acmhainní Foghlama

Áras Inis Gluaire, Co. Mayo
Show on the map
24 August 2025
Overview

Is iomaí taifead agus cuntas atá déanta ar Ghaeilge Mhaigh Eo, idir leabhra, físeáin agus agallaimh fuaime. Bí linn chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na hacmhainní atá ar fáil i gcanúintí Iorrais, Acla agus Thuar Mhic Éadaigh, agus faoi na foinsí leictreonacha nua atá ag teacht chun cinn. Beidh na cainteoirí seo a leanas linn ar an lá chun cuidiú linn cur amach a fháil ar an réimse fíorspéisiúil seo.

Darren Ó Riagáin: Saibhreas teanga Mhaigh Eo agus cén chaoi í a chaomhnú
Gaeilge Iorrais: Blaisín de na hacmhainní a bhaineann le canúintí Iorrais
Fionnuala Nic Pháidín: 'Mo Scéal' agus acmhainní eile ó Sheirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo

Tae agus caife ina dhiaidh.

Is comhimeacht é seo de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Ghaeilge Iorrais. Tá muid buíoch don Chomhairle Oidhreachta as an maoiniú a chuir sí ar fáil don tionscadal 'Mo Scéal', agus d'Áras Inis Gluaire as ionad a chur ar fáil dúinn.

Address
Áras Inis Gluaire, Co. Mayo

54.2224236, -9.9888043

Enter an address like "Chicago, IL".