'Siúlóid Ghaeilge suas Sliabh an Iolair - Irish language walk up Sliabh an Iolair
Dua/Difficulty: 3/5
Airde/Height: 516m
Achar/Distance: 8.5km
Am/Time: 3hr
Cén áit ab fhearr do chuid Gaeilge a chleachtadh ná thuas ar shliabh ag sú isteach radharcanna áilne Chiarraí? Tagaíg linn suas Sliabh an Iolair le Séaghan Ó Súilleabháin, The Kerry Cowboy. Is deis iontach a bheidh san imeacht seo do dhaoine nascadh leis an ndúlra timpeall orthu agus a dteanga dhúchais ag an am céanna. Beidh caint ar logainmneacha, ainmneacha plandaí, béaloideas agus eile. Is gá leibhéal réasúnta aclaíochta bheith agat agus tá fáilte roimh gach leibhéal Gaelainne. Muna bhfuil agat ach cúpla focal nó má tá tú líofa, bainfidh tú ardsúp as Siúlóid sna Sléibhte! Beimid ag bualadh le chéile ag 10am Dé Sathairn an 17ú Lúnasa ag Sáipéal Dhún Chaoin. Ba bhreá linn tú bheith inár dteannta! - Buíochas le Dúchas an Daingin agus Tobar Dhuibhne as an dtacaíocht.
What better place is there to practise your Irish than on a mountaintop soaking in Kerry’s incredible scenery? Come along up Sliabh an Iolair with Séaghan Ó Súilleabháin, The Kerry Cowboy. This event is a fantastic opportunity for people to connect with our surrounding nature and our native language at the same time. We’ll be discussing the names of places and plants, local mythology and history and more. A reasonable level of fitness will be required and all levels of Irish are more than welcome. If you’ve only the cúpla focal or if you’re fluent, Siúlóid sna Sléibhte promises to be an enjoyable outing for all. We’ll be meeting at 10am on Saturday the 17th of August at Dún Chaoin Church - Many thanks to Dúchas an Daingin and Tobar Dhuibhne for their support.'
Address
Sliabh an Iolair, Co. Kerry