Scéalta ó Láithreacha Oidhreachta na hEorpa

Scéalta ó Láithreacha Oidhreachta na hEorpa

Tá sé mar aidhm ag an nglaoch ar scéalta do Laethanta Oidhreachta na hEorpa gné Eorpach na láithreán oidhreachta a aithint, chomh maith leis an obair atá á déanamh ag pobail ar fud na hEorpa i réimse na hoidhreachta. Baineann sé le scéalta ón am atá caite nó scéalta reatha ar mhaith le pobail iad a roinnt agus, b'fhéidir, iad a fhorbairt ina dtionscadal a chuirfeadh tuilleadh le forbairt a bpobal. Seoladh an Ghlaoch ar Scéalta Eorpacha mar ghníomhaíocht de chuid Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, agus tá sé mar aidhm aige anois tógáil ar an rath a bhí uirthi, agus tacaíonn sé leis an gCreat Eorpach Gníomhaíochta ar an Oidhreacht Chultúrtha a glacadh i mí na Nollag 2018 chun tionchar fadtéarmach Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha a chinntiú. Mar chuid de chomhfhís ar luachanna comhroinnte Eorpacha, tá an glaoch oscailte freisin do bhuaiteoirí Dhuais an AE don Oidhreacht Chultúrtha / Duais Europa Nostra agus do láithreáin a bhfuil an Lipéad Eorpach Oidhreachta bronnta orthu.

Sant Vicenç d'Enclar - Patrimoni Cultural d'Andorra